John 1:39 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt sé riú, Tigidh agus féuchaidh. Tangadar agus do chunncadar an tionad a gcomhnuigheadh seisean, agus dfanadar aige an lá sin: do bhí an úair sin timcheall a deich.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt sé leo, Tagaidh, agus do‐chífidh sibh. Thángadar, mar sin, agus do chonnacadar an áit ’n‐a raibh sé ’n‐a chómhnaidhe; agus d’fhanadar ’n‐a fhochair an lá sin: do bhí sé tuairim na deicheamhadh h‐uaire.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar seisean leo, “Tagaigí go bhfeice sibh.” Chuaigh siad go bhfaca an áit a raibh sé ag fanacht, agus dʼfhan siad aige an lá sin, ó bhí sé tuairim is an deichiú huair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Tagaigí agus feicigí,» ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d' fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus dʼfhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.