John 1:41 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A sé so fúair a dhearbhrathair féin Siomón, agus a dubhairt sé ris, Fúaramar an Messias, as sé sin, ar na eidirmhiniughadh, an Críosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Fuair seisean ar dtús a dhearbhráthair féin, Síomón, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le rádh, an Críost).
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba é an chéad ní a rinne sé dul ar lorg a dhearthár Siomón, agus dúirt sé leis, “Táimid tar éis an Messía a fháil” (a chiallaíos an Críost).
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: «Fuaireamar an Meisias» is é sín le rá an tUngthach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: “Fuaireamar an Meisias”–is é sin le rá an tUngthach.