John 1:46 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Natánael ris, An éidir ní maith air bith bheith ó Násarét? A dubhairt Philib ris, Tar agus féuch.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Natanaél leis, An féidir aon nidh maith do theacht ó Nasair? Adubhairt Pilib leis, Tar go bhfeicidh tú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é a dúirt Natanael leis, “An bhféadann aon mhaith teacht as Nasair?” Arsa Pilib leis, “Tar ort go bhfeice tú.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Natanael: «As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?» «Tar agus feic,» a dúirt Pilib leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis.