John 10:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an túarsdaluigh, agus an té nach bhfuil na áodhaire, agus nach leis féin na cáoirigh, do chí sé an mactíre ag teachd, agus fáguidh sé na cáoirigh, agus teithidh sé: agus fuáduighe an mactíre na cáoirigh, agus scabuighe sé iád.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht an fear tuarastail, nach aodhaire é, agus nach leis féin na caoirigh, do‐chí sé an mac tíre ag teacht, agus fágann sé na caoirigh, agus teicheann sé, agus sciobann an mac tíre iad, agus scaipeann sé iad:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té nach bhfuil ina aoire ach ar fostú, nach leis iad na caoirigh, tréigeann sé na caoirigh agus teitheann sé leis nuair a fheiceas sé an mactíre ag teacht; agus beireann an mactíre orthu agus scaipeann sé iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An fostúch, nach bhfuil ina aoire, agus nach leis féin na caoirigh, feiceann sé an mac tíre ag teacht, agus fágann na caoirigh agus teitheann, agus fuadaíonn an mac tíre iad agus scaipeann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An fostúch, nach bhfuil ina aoire, agus nach leis féin na caoirigh, feiceann sé an mac tíre ag teacht, agus fágann na caoirigh agus teitheann, agus fuadaíonn an mac tíre iad agus scaipeann.