John 10:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus atáid cáoirigh eile agam, nach don chróso: agus caithfidh mé iád sin leis do thabhairt leam, agus ésdfid siád mo ghúth; agus biáidh áonchró amháin, agus áonáodhaire amháin ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus atá caoirigh eile agam, nach mbaineann leis an gcró so: ní mór dom iadsan thabhairt, leis, agus éistfidh siad lem’ ghlór; agus béidh aon chró agus aon aodhaire amháin ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tá caoirigh eile agam, nach den bhanrach seo iad; caithfidh mé iad a thabhairt liom freisin, agus tabharfaidh siad cluas do mo ghlór. Mar sin ní bheidh ann ach an t‑aon tréad amháin agus an t‑aon aoire amháin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá caoirigh eile agam chomh maith, nach den chró seo iad. Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór, agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá caoirigh eile agam chomh maith, nach den chró seo iad. Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór, agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin.