John 10:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní bheireann eúnduine úaim é, achd cuirim féin uáim féin é. Atá cúmhachda agam a chur uáim, agus atá cúmhachda agam a ghábháil chugam a rís. Fuáir mé an áithnesi ó Mathair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní fhuil aon duine g‐á thógáil uaim, acht is uaim féin atáim g‐á thabhairt uaim. Atá ar chumas dom a thabhairt uaim, agus atá ar chumas dom a ghlacadh chugam arís. Mar sin do chuir m’Athair de dhualgas orm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní ghlacann duine ar bith uaim é, is de mo dheoin féin a thugaim uaim é. Tá cumhacht agam lena thabhairt uaim, agus tá cumhacht agam lena ghlacadh chugam arís; is é sin an ní a thaobhaigh mʼAthair liom.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níl aon duine á tógáil uaim; is uaim féin a thugaim uaim í, agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís. Sin í an aithne a fuair mé ó m' Athair.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níl aon duine dá tógáil uaim; is uaim féin a thugaim uaim í, agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís. Sin í an aithne a fuair mé ó mʼAthair.”