John 10:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do chruinnigheadar na Iúduidhe na thimcheall, agus a dubhradar ris, Gá fad chuinneóchas tú sinn a namharus? Más tú Críosd, innis dúinn é ós áird.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chruinnigh na h‐Iúdaigh ’n‐a thimcheall, agus adubhradar leis, Cá fhad an mbeidhmíd idir an dá chómhairle agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go cruinn díreach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhailigh na Giúdaigh mar sin ina thimpeall agus dúirt siad leis, “Cá fhad a bheimid idir dhá chomhairle agat? Más tú an Críost, inis dúinn go soiléir é.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: «An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.”