John 10:35 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Má a dubhairt sé gur déé na dáoine úd, chum a dtaínig briathar Dé, agus nach éidir an sgriobtúir a sgáoileadh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má dubhairt sé gur déithe iad‐san, go dtáinig briathar Dé chuca (agus ní féidir an scrioptúir do chur ar neamh‐nidh),
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Más rud é gur tugadh déithe ar dhaoine ar tháinig briathar Dé chucu (agus ní féidir an scrioptúr a chur ar ceal),
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má thug sé déithe orthu siúd ar labhraíodh briathar Dé leo, agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má thug sé déithe orthu siúd ar labhraíodh briathar Dé leo, agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní,