John 10:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dtáinig romham uile as gaduidhthe iád agus biothamhnuigh: achd níor éisdeadar na cáoirigh riú.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Gach a dtáinig rómham is gadaidhthe agus bitheamhnaigh iad: acht níor airigh na caoirigh iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Lucht bradaíola agus bithiúntais a bhí inar tháinig romham; ach ní raibh aire ag na caoirigh orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Gach ar tháinig romham, bithiúnaigh a ba ea iad agus robálaithe, agus níor éist na caoirigh leo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Gach ar tháinig romham, bithiúnaigh ab ea iad agus robálaithe, agus níor éist na caoirigh leo.