John 10:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is misi an dorus, gidh bé neach rachas a steach thríomsa, slaíneochthar é, agus rachuidh sé a steach agus amach, agus do ghéubha sé inbhear.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is mise an doras: cibé thagas isteach tríom‐sa, slánóchar é, agus rachaidh sé isteach agus amach, agus do‐gheobhaidh sé inbhear.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is mise an doras; más tríomsa a thagas fear isteach, slánófar é, agus é ag teacht agus ag imeacht agus ag innilt.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach.