John 11:33 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin an tan do chunnairc Iósa ag gul í, agus na Iúdaidhe tháinig le ag gul mar an gceadna, do rinne sé osna ann a spioraid, agus do bhúaidhir sé é féin,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic Íosa í ag caoineadh, agus na h‐Iúdaigh tháinig i n‐éineacht léi ag caoineadh, do chorruigh an spioraid ann, agus do bhí sé buaidheartha,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chonaic Íosa í ag caoineadh, agus na Giúdaigh a tháinig léi ag caoineadh freisin, bhí corraí mór agus coscairt faoina chroí;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air,