John 11:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Iósa, Tóghuidh an chloch. A dubhairt Martá, derbhshíur an duine mhairbh, ris, A Thighearna, atá drochbhaladh a nois air: óir atá ceithre lá ó fúair sé bás.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt Íosa, Tógaidh an leac. Adubhairt Marta, deirbhshiúr an duine mhairbh, A Thighearna, atá sé bréan fá’n am so: óir atá sé marbh le ceithre lá.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa Íosa, “Tógaigí uaithi an chloch.” Arsa Marta, deirfiúr an mharbháin, leis, “A Thiarna, beidh boladh bréan ann, mar tá sé ceithre lá marbh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa: «Aistrígí an líog.» Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: «Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.”