John 11:42 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus atá a dheimhin agam go gcluin tú mé do ghnáth: achd ar son an phobail atá na seasamh am thimcheall a dubhairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa chuir uáit mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí a fhios agam go n‐éisteann tú liom i gcómhnaidhe: acht mar gheall ar an sluagh atá ’n‐a seasamh im’ thimcheall adubhras é, chum go gcreidfidís gur chuiris uait mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhi a fhios agam go mbíonn tú i gcónaí ag éisteacht liom, ach tá an méid sin ráite agam mar mhaithe leis na daoine atá ina seasamh thart anseo, ionas go gcreide siad gur tú a chuir uait mé.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gconaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gcónaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”