John 11:44 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tháinig an duine marbh amach, agus a lámha agus a chosa ceanguilte ris an bháiséadach: agus a aghaidh ceanguilte ré naipcin. A dubhairt Iósa ríu, sgáoilídh é, agus leigidh dhó imtheachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig an duine marbh amach, agus na ceangail báis ar láimh agus ar chois air; agus do bhí éadach ceangailte ar a aghaidh. Adubhairt Íosa leo, Scaoilidh é, agus leigidh chum siubhail é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig an marbhán amach agus a lámha agus a chosa ceangailte i bhfáisceáin an mhairbh, agus éadach fillte faoina ghnúis. Dúirt Íosa leo, “Scaoiligí agus ligigí chun siúil é.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: «Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.”