John 11:48 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Má fhuilngemíd é mar só, creidfidh na huile dháoine ann; agus tiocfaid na Rómhánuigh agus sgriosfuid síad ar náit agus ar gcineadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má leigimíd dó ar an gcuma so, creidfidh gach uile dhuine ann: agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n‐áit agus ár gcineadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má ligimid dó leanúint air ar an gcuma seo, tiocfaidh na Rómhánaigh a scriosadh ár n‑ionad adhartha agus a chur deiridh lenár gcine.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n-áit [naofa] agus ár gcine.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n-áit naofa agus ár gcine.”