John 11:52 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní ar son an chinidhsin amhain, achd fós do chum go gcruinneochadh sé a cceann a chéile clan Dé do bhí ar na leathnughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní h‐amháin ar son an chinidh, acht go gcruinneochadh sé i n‐aon chineadh amháin clann Dé atá scaipthe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ní ar son an chine amháin, ach ionas go n‑aontódh sé le chéile clann Dé atá scaipthe soir siar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe.