John 11:54 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin níor shiobhail Iósa ó sin súas go follus a measg na Níudaidheadh; achd do chuáidh sé asa sin don tír do bhí a bhfogus don fhásach, go cathruigh ré a ráidhtear Ephrem, agus do chomhnuidh sé ann sin a bhfochair a dheisciobal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin níor shiubhail Íosa go poiblidhe i measc na nIúdach ó’n am sin, acht d’imthigh sé isteach sa tír atá i n‐aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Efráim; agus d’fhan sé annsin i bhfochair a dheisceabal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin, ní shiúladh Íosa os ard i measc na nGiúdach níos faide, ach dʼimigh sé as sin go dtí an ceantar a bhí in aice leis an bhfásach, go dtí cathair a raibh Efráím mar ainm uirthi, agus dʼfhan sé ansin lena dheisceabail.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach d' imigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráim, agus d' fhan sé ansiúd fara a dheisceabail.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach dʼimigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráím, agus dʼfhan sé ansiúd fara a dheisceabail.