John 11:55 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí cáisg na Níuduidheadh a bhfogas dóibh: agus do imthigheadar mórán as a tírsin súas go Híarusalém roimh cháisg, da nglanadh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí cáisc na nIúdach i n‐athchomaireacht: agus do chuaidh mórán daoine ó’n dúthaigh sin suas go h‐Iarúsalem, g‐á nglanadh féin roimh an gcáisc.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois níorbh fhada uathu Cáisc na nGiúdach, agus chuaigh mórán suas ón tír go hlarúsailéim roimh an gCáisc, le hiad féin a choisreacan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí Cáisc na nGiúdach in achomaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go hIarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.