John 11:56 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin díarradar Iósa, agus do labhradar eatarra féin, na seasamh annsa teampoll, Créd chithear dháoibhse, tré nach dtig sé chum an fhéusda?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhíodar ag lorg Íosa, agus iad ag cainnt le chéile ’n‐a seasamh dhóibh sa teampall, Créad mheasas sibh? Nach dtiocfaidh sé chum na féile?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí súil amuigh acu le hÍosa agus iad á rá le chéile agus iad ina seasamh sa teampall, “Cad i do bharúil? An síleann tú nach dtiocfaidh sé chun na féile?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: «Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: “Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?”