John 11:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreagair Iósa, An né nach bhfuil dhá uáir dhég sa ló? Má shiobhlann duine ann sa ló, ní fhagham sé tuisleadh, oír do chí sé solus an tsáoghailsi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair Íosa, Nach bhfuil dhá uair déag san lá? Má shiubhlann duine san lá, ní baintear tuisleadh as, óir do‐chí sé solas an tsaoghail seo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼfhreagair Íosa, “Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá, ní bhaintear tuisle as, ó feiceann sé solas an domhain seo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Íosa: «Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle, mar feiceann sé solas an tsaoil seo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair Íosa: “Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle, mar feiceann sé solas an tsaoil seo.