John 12:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do rinne an pobal do bhí na fharradh fíadhnuisi dhó, do bhrígh gur ghoir sé Lasarus as an uáigh, agus gur dhúisigh sé é ó mharbhuibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, an sluagh daoine do bhí ’n‐a fhochair nuair do ghlaodh sé Lasarus as an tuama, agus do thóg sé ó na marbhaibh é, thugadar fiadhnaise uatha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An slua a bhí ina chuideachta nuair a ghlaoigh sé Lasarus ón tuama agus a thóg sé ó mhairbh é, thug siad fianaise.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu.