John 12:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin a dubhradar na Phairisinigh eatarra féin, An bhfaicthí nach feirde dhíbh áon ní dhá ndéuntáoi? féuch, dimthigh an sáoghal na dhiáigh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt na Fairisínigh, d’á bhrigh sin, eadortha féin, Do‐chí sibh nach bhfuil ag éirghe libh ar chor ar bith: féach, atá an saoghal go léir imthighthe ’n‐a dhiaidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bʼshiúd iad na Fairiséigh ag rá lena chéile, “Nach bhfeic-eann sibh gur saothar in aisce é; féachaigí, tá an saol uile imithe ina dhiaidh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: «Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní haon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!”