John 12:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí dream áirighe do na Gréugachuibh a measg na muinntire do chúaidh súas do dhéanamh seirbhisí do Dhía san bhféusda:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí Gréagaigh áirithe i measc na ndaoine do chuaidh suas chum adhradh do dhéanamh sa bhféile:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí Gréagaigh áirithe ar an dream a chuaigh suas a adhradh in am na féile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go hIarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile.