John 12:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidh bé ghrádhuigheas a anam féin caillfidh sé é; agus gidh bé fhuáthuigheas a anam féin ar an sáoghalso coimhéudfaidh sé é chum na beatha marthanuighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té gur mór aige a anam cailleann sé é; agus an té gur beag air a anam sa tsaoghal so, coimhéadfaidh sé chum na beathadh síorraidhé é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té sin a mbíonn grá aige ar a anam féin, cailleann sé é, agus an té sin ar fuath leis a anam ar an saol seo coinneoidh sé é le haghaidh na beatha síoraí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a thugann grá dá anam féin, caillfidh sé é, agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo, déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a thugann grá dá anam féin, caillfidh sé é, agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo, déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.