John 12:34 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreaguir an pobal é, Do chúalamairne ón dligheadh go bhfanann Críosd go siorraidhe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do thógbháil a nairde? Cía hé an Mac so an duine?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair an sluagh é, Do thuigeamar ó’n dlighe go bhfanann an Críost de shíor: agus adeir tusa go gcaithfear Mac an Duine d’árdú? cia h‐é Mac so an Duine?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼfhreagair an slua é, “Chuala-mar ag an dlí go bhfanann an Críost go síoraí buan. Conas a fhéadann tú mar sin a rá go gcaithfear Mac an duine a ardú aníos? Cé hé an Mac sin an duine?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair an slua é ansin: «Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé Mac seo an Duine?”