John 12:35 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin a dubhairt Iósa ríu, Atá an solus bhur measg fós ar feadh tamuill bhig. Siubhlaidh an feadh bhías an solus aguibh, deagla go mbéuradh an dorchadus, oruibh: Oír gidh bé shiobhlus ann sa dorchadus, ní feas do gá háit a ngabhann sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béidh an solas ’n‐bhúr measc. Siubhlaidh an fhaid atá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchact oraibh: agus an té shiubhlas sa dorchact, ní bhíonn a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt Íosa leo, “Tá an solas libh seal beag eile. Bígí ag siúl chomh fada agus a bhíos an solas agaibh, ar eagla go mbeire an dorchadas oraibh; an té a shiúlas sa dorchadas níl fios a bhealaigh aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo ansin: «Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo ansin: “Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad atá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfaidh an dorchadas oraibh. An té a shiúlann sa dorchadas, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.