John 12:42 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd fós do chreideadar mórán do na húachdaránuibh féin ann; achd ar son na Bhphairisineach níor admhuigheadar é, deagla go gcuirfidhe amach as an tsinagóig íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do bhí mórán de na h‐uachtaránaibh féin, ámh, do chreid ann; acht, mar gheall ar na Fairisíneachaibh níor admhuigheadar é, ar eagla go gcuirfidhe amach as an tsionagóig iad:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ni lúide chreid mórán de na cinn urraidh féin ann, ach leis an eagla a bhí orthu roimh na Fairiséigh níor admhaigh siad é, ar eagla go gcaithfí amach as an tsionagóg iad;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.