John 12:47 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus gidh bé neach éisdeas mo bhríathra, agus nach ccreidfe íad, Ní dháorfa misi é: óir ní tháinig mé do dhamnughadh an domhain, achd do shlánughadh an domhain.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus má éisteann aoinneach lem’ bhriathraibh, agus nach dtugann aire dhóibh, ní thugaim‐se breith air: óir ní chum breith do thabhairt ar an saoghal thánag, acht chum an tsaoghail do shlánú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má chluineann duine briathra mo chainte gan a gcur i ngníomh, ní thugaimse breithiúnas air; mar ní leis an domhan a chur faoi bhreithiúnas ach leis an domhan a shlánú a tháinig mé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh.