John 13:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Iósa ris, Gidh bé atá nighte ní bhfuil duireasbhuidh air achd a chosa nighe, achd atá sé glan uile: agus atá sibhsa glan, gidheadh ní bhfuilti uile glan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt Íosa leis, an té atá nighte ní gábhadh dhó acht a chosa do nighe, agus atá sé glan ar fad: agus atá sibh‐se glan, acht ní fhuil gach duine agaibh glan.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt Íosa leis, “An té a fuair folcadh níl feidhm air ach a chosa amháin a ní, ach tá sé glan ar fad; agus tá sibhse glan, ach níl sibh uile amhlaidh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leis: «Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní [ach a chosa]; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibhse glan, ach níl gach duine agaibh glan.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leis: “Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní ach a chosa; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibh-se glan, ach níl gach duine agaibh glan.”