John 13:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin tar éis a gcos dionnladh dhó, agus a bhruit do ghabháil uime, ar suidhe síos dhó a ris, a dubhairt sé ríu, An dtuigthí créd do rinne mé ribh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin nuair bhí a gcosa nighte aige, agus a éadaighe curtha air, agus nuair do shuidh sé siar arís, adubhairt sé leo, An dtuigeann sibh céard atá déanta agam daoibh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí a gcosa nite aige, agus a bhaill éadaigh air, agus é ag ceann an bhoird arís, ar seisean leo, “An dtuigeann sibh a bhfuil déanta agam libh?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: «An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: “An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh?