John 13:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin, má díonnail misi atá am Thighearna agus am Mhaighisdir bhur gcosasa; as coir dháoibhsi mar an gceadna cosa chéile díonnladh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, má nigheas‐sa bhúr gcosa, agus gur mé an Tighearna agus an Múinteoir, ba cheart daoibh‐se cosa a chéile do nighe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin má tá bhur gcosa nite agamsa atá i mo Thiarna oraibh agus i mʼOide múinte agaibh, ba é bhur gceart bheith ag ní chosa a chéile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní.