John 13:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Ní mó an tóglach na a mhaighisdir; agus ní mó an teachdaire na an té do chuir úadh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Go fírinneach adeirim libh, Ní mó an seirbhíseach ’ná a mháighistir; agus ní mó an teachtaire ’ná an té do chuir uaidh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach fearr an seirbhíseach ná a mháistir; agus nach fearr an teachtaire ná an té a chuir uaidh é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Amen, Amen, a deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Áiméan, Áiméan, deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.