John 13:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní labhruim oruibh uile: atá a fhios agum cía an dream do thogh mé: achd do chum go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir, An té ata ag ithe aráin am fhochair, do thóg sé a sbál am aghaidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní fhuilim ag labhairt oraibh uile: atá a fhios agam na daoine do thoghas: ácht chum go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, An té itheas mo chuid aráin do thóg sé a shál im’ choinnibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ni bhaineann mo chaint leis an iomlán agaibh; tá a fhios agam cé hiad mo lucht tofa; tá sin amhlaidh leis an scrioptúr a fhíorú, ‘An té a dʼitheadh mʼarán thóg sé sáil a choise i mʼéadan.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: 'An té a d' ith arán liom, d' ardaigh sé a sháil i mo choinne.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfar an scrioptúr: ‘An té a dʼith arán liom, dʼardaigh sé a sháil i mo choinne.’