John 13:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar na rádh so Díosa, do bhí sé buaidheartha na sbioraid, agus do rinne sé fínne, agus a dubhairt sé, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, go mbraithfi áon dáoibh misi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar n‐a rádh sin d’Íosa, do bhí sé go buaidheartha ’n‐a spioraid, agus do dhearbhuigh sé, agus adubhairt, Go fírinneach adeirim libh, go mbraithfidh duine agaibh mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí na briathra sin ráite ag Íosa, tháinig buairt anama air, agus thug sé fianaise uaidh, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, déanfaidh duine agaibh mo bhrath.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar rá na cainte sin d' Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: «Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar rá na cainte sin dʼÍosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”