John 13:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tar éis an ghreama annsin do chúaidh an Táidhbherseóir a steach ann san. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris, Gidh bé ní atá tú dhéanamh, déuna go tapaidh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus i ndiaidh an ghiota, do chuaidh Sátan isteach ann, agus adubhairt Íosa leis, An nidh atá le déanamh agat, déan gan mhoill é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ansin i ndiaidh é an mhilseog a ithe, chuaigh Sátan isteach ann. Arsa Íosa leis, “Déan a bhfuil le déanamh agat go tapaidh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: «A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat dá dhéanamh, déan go tapa é!”