John 13:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do sháoileadar cuid dhíobh, do bhrigh gur ab ag Iúdas do bhí an sparán, gur ab é ní a dubhairt Iósa ris, Ceannuigh dhúinn gidh bé bhías a riachdanus oruinn chum na sollamna; nó, ní éigin do thabhairt do na bochdaibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do cheap cuid aca, ó bhíodh an sparán ag Iúdás, go ndubhairt Íosa leis, Ceannuigh a bhfuil ag teastáil uainn i gcómhair na féile; nó, rud éigin do thabhairt do na bochtaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Shil cuid acu, ós ag Iúdás a bhíodh bosca an airgid, go raibh Íosa ag rá leis ar theastaigh uathu le haghaidh na féile a cheannach; sin, nó déirc a thabhairt do na boicht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa á rá léis: «Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa dá rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.”