John 13:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreaguir Iósa agus a dubhairt sé ris, Ní bhfuil a fhios agadsa nois créd do nímsi; achd biáidh a fhíos agad na dhiáigh so.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, An nidh do‐ghním‐se, ní thuigeann tú anois é; acht tuigfidh tú é ar ball.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼfhreagair Íosa é, “Ní thuigeann tú anois a bhfuil á dhéanamh agam, ach beidh tuiscint agat air amach anseo.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Íosa é: «Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam,» ar sé leis, «ach tuigfidh tú ar ball é.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair Íosa é: “Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam,” ar sé leis, “ach tuigfidh tú ar ball é.”