John 14:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé chreidéas ionnamsa, do dhéuna se na hoibreacha nímsi; agus do dhéuna sé oibreacha as mó ná íad; oir atáimsi ag dul dionsuighe Mathar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Go fírinneach adeirim libh, An té chreideas ionnam‐sa, na h‐oibreacha do‐ghním‐se, déanfaidh seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad dhéanfas sé; toisc go bhfuilim ag dul chum an Athar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Is fíor agus is fírinneach a bhfuil á insint agam daoibh, an té a chreideas ionam déanfaidh sé na hoibreacha atá á ndéanamh agam; agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad seo, mar tá fúm imeacht chun an Athar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Áiméan, Áiméan, deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táim-se ag dul chun an Athar.