John 14:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té go bhfuil m’aitheanta aige, agus chóimhlíonas iad, is é sin an té go bhfuil grádh aige dhom: agus an té go bhfuil grádh aige dhamh‐sa, béidh grádh ag an Athair dhó‐san, agus béidh grádh agam‐sa dhó, agus foillseochad mé féin dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té a mbíonn mʼaitheanta aige agus a choinníos iad, is é an duine sin a bhfuil grá aige dom; agus tabharfaidh mʼAthair a ghrá don té a thugas grá dom, agus tabharfaidh mé féin mo ghrá dó agus beidh mé do mo thaispeáint féin don duine sin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a bhfuil m' aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m' Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a bhfuil mʼaitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag mʼAthair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”