John 14:28 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chúalabhair go ndubhairt mé ribh, Imthighim, agus thigim chugaibh. Dá ngrádhuigheadh sibh misi, do bhíadh lúathgháir oruibh, do bhrígh go ndubhairt mé, Atáim ag dul chum a Nathar; óir as mó Mathair ná misi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do‐chualabhar mé g‐á rádh libh, Atáim ag imtheacht agus atáim ag filleadh chugaibh. Dá mbéadh grádh agaibh dom, do bhéadh áthas oraibh, toisc go bhfuilim ag dul chum an Athar: óir is mó an t‐Athair ’ná mise.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuala sibh a ndúirt mé libh, go bhfuil mé ag imeacht uaibh, le teacht chugaibh. Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh lúcháir oraibh faoi mo dhul chuig an Athair; ós cumhachtaí an tAthair ná mé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuala sibh mé á rá libh: ' Táim ag imeacht uaibh, agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.' Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh áthas oraibh, óir táim ag dul go dtí an tAthair, mar is mó an tAthair ná mise.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuala sibh mé dá rá libh: ‘Táim ag imeacht uaibh, agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’ Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh áthas oraibh, óir táim ag dul go dtí an tAthair, mar is mó an tAthair ná mise.