John 15:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfeadh mo gháirdeachus ionnuibh, agus go mbiadh bhur ngairdeachus lán.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do labhras na neithe sin libh, d’fhonn go mbéadh mo gháirdeachas ionnaibh, agus go mbéadh bhúr ngáirdeachas iomlán.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá na nithe seo inste agam daoibh, ionas go mbí sibh in bhur n‑ábhar lúcháire agam, agus ionas go mbí bhur lúcháir lán.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-se ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháir-se iomlán.