John 15:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní sibhsi do thog misi, achd misi do thogh sibhsi, agus do chuir mé sibh, ionnus go nimtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go bhfanfadh bhur dtoradh: ar chor gidh bé ní íarrfuidhe a mainmsi ar a Nathair, go dtiobhradh se dhibh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní sibh‐se do thogh mise, acht is mise do thogh sibh‐se, agus do cheapas sibh chum go n‐imtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go mbéadh bhúr dtoradh buan: ionnas, cibé nidh iarrfas sibh ar an Athair im’ ainm‐se, go dtiubhradh sé dhaoibh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní sibh a thogh mise, ach mise a thogh agus a cheap sibhse chun go n‑imeodh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh, agus go mbeadh bhur dtoradh buan; ar mhodh go dtuga an tAthair daoibh cibé a iarrfas sibh i mʼainmse.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d' iarrfadh sibh ar an Athair i m' ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní sibh-se a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibh-se a thoghadh, agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a dʼiarrfadh sibh ar an Athair i mʼainm, go dtabharfadh sé daoibh é.