John 15:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cuimhnighidh ar an mbreithir a dubhairt mé ribh, Ní mó an searbhfhoghantaidh ná a mhaighisdir. Má ghérleanadar misi, gérleanfuid sibhsi mar an gcéudna; má choimhéudadar mo bhríatharsa, coimhéudfuid bhur mbriatharsa mar an gcéadna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cuimhnighidh ar an mbriathar adubhairt mé libh, Ní mó an seirbhíseach ná a mháighistir. Má rinneadar géir‐leanamhain orm‐sa, do‐ghéanaid géir‐leanamhain oraibh‐se mar an gcéadna; má choimhéadadar mo bhriathra‐sa, choimhéadfaidh siad bhúr mbriathra‐sa, leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuimhnigí ar an mbriathar úd a dúirt mé libh, ‘Ní fearr an seirbhíseach ná a thiarna.’ Má chuir siad géarleanúint ormsa, cuirfidh siad géarleanúint oraibhse; má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa freisin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ' Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géar-leanúint orm-sa, déanfaidh siad géar-leanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.