John 15:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do rinneadh so ionnus go gcoimhlíonfuidhe an rádh atá sgriobhtha ann a ndligheadh féin. Do fhúathaigheadar mé gan adhbhar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht chuige sin tharla, chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar atá scríobhtha ’n‐a ndlighe, Thugadar fuath dhom gan chúis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tharla sin ag fíorú an rá atá scríofa ina ndlí-sean, ‘Thug siad fuath dom gan ábhar.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal atá scríofa sa dlí acu [é sin]: ' Thug siad fuath dom gan chúis.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach ionas go gcomhlíonfar an focal atá scríofa sa dlí acu: ‘Thug siad fuath dom gan chúis.’