John 15:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Fanuidh ionnamsa, agus misi ionnuibhsi. Amhail as nach bhféudann an ghéug toradh do thabhuirt uáithe féín, muna bhfana sí sa bhfíneamhuin; is mar sin ní fheudfa sibhse fós, muna bhfantaói ionnamsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Fanaidh ionnam‐sa, agus mise ionnaibh‐se. Fá mar nach bhféadann an chraobh toradh do thabhairt uaithi féin muna bhfanann sí ar an bhfíneamhain; ní fhéadann sibh‐se, acht an oiread, muna bhfanann sibh ionnam‐se.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Fanaigí in bhur gcónaí ionam, agus fanfaidh mé ionaibh. Ní uaithi féin a thagas toradh ar an gcraobh, mura bhfanann an chraobh san fhíniúin, agus ní fhéadann sibh sin a dhéanamh ach oiread, mura bhfanann sibh in bhur gcónaí ionamsa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa.