John 16:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin a dubhradar cuid dá dheisciobluibh ré chéile, Cred é so a deir sé rinn, Tamall beag, agus ní fhaicfidhe mé: agus a ris tamall beag, agus do chifidhe mé: agus, Oir atáim ag dul chum a Nathar?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin adubhairt cuid d’á dheisceablaibh le n‐a chéile, Caidé seo adeir sé linn, Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus tamall beag eile, agus chífidh sibh mé; agus, Toisc go bhfuilim ag dul chum an Athar?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt cuid de na deisceabail le chéile, “Cad é sin a deir sé linn, ‘Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh; seal beag eile arís, agus feicfidh sibh mé,’ agus ‘ó táim ag imeacht chun an Athar?’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: «Cad é seo a deir sé linn: 'Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm'; agus 'mar táim ag triall ar an Athair'?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: “Cad é seo a deir sé linn: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm’; agus ‘mar táim ag triall ar an Athair’?”