John 16:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do bhí a fhios ag Iósa gur mhían léo a fhíafruighe dhe, agus a dubhairt sé ríu, An bhfuiltí dhá fhíafruighe so eadruibh fein mar a dubhairt mé, Tamall beag, agus ní fhaicfidhe mé: agus a rís tamall beag, agus do chifí me?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní thuigimíd an chainnt sin aige. Do bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo ceist do chur air, agus adubhairt sé leo, An bhfuil sibh ag ceistiú eadraibh féin fá go ndubhairt mé, Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus chífidh sibh mé?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí a fhios ag Íosa fonn a bheith orthu a fhiafraí de; agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh ag fiafraí dá chéile cad é ba chiall do mo chaint nuair a dúirt mé, ‘Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh, agus seal beag eile arís agus feicfidh sibh mé?’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: «Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: 'Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: “Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.’