John 16:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cuirfid síad as na sínagóguibh sibh: agus fós, tig a nuáir, gidh bé mhuirfeas sibh go mbhreathnócha sé go ndéanann sé seirbhis do Dhía.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cuirfear amach as na sionagógaibh sibh: thairis sin, atá an uair ag teacht go measfaidh an té mharbhas sibh gur ag déanamh seirbhíse do Dhia atá sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Beidh siad do bhur gcaitheamh amach as na sionagóga; ar ndóigh tá an t‑am ag teacht a silfidh an fear a mharós sibh go bhfuil gníomh adhartha á dhéanamh aige do Dhia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúnfar amach as na sionagóga sibh; tá an t-am ag teacht, fiú amháin, nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh gur ag déanamh réir Dé a bhíonn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúnfar amach as na sionagóga sibh; tá an t-am ag teacht, fiú amháin, nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh gur ag déanamh réir Dé a bheidh.