John 16:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag breithe leinibh do mhnáoi, bí sí a bpéin, óir tháinig a huáir: achd tar éis leinibh do bhreith dhi, ní chuimhnigheann sí a doilgheas ní as foide, lé gairdeachus go rugadh duine chum an tsáoghuil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nuair bhíos bean i leabaidh luighe seolta, bíonn dólás uirthi, toisc a h‐am bheith tagtha: acht chómh luath agus beirtear an naoidhean, ní chuimhnigheann sí a thuilleadh ar an doilgheas le gáirdeachas go bhfuil daonnaidhe tagtha ar an saoghal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíonn an brón ar an mbean atá i dtinneas clainne, ós rud é gur tháinig a haimsir; ach nuair a bheirtear an leanbh di, ní cuimhneach léi na pianta, leis an lúcháir a bhíos uirthi go bhfuil duine tar éis teacht ar an saol.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhíonn bean ina luí seoil, bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha. Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe, ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh, le barr áthais go bhfuil duine saolaithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)