John 16:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus sibhsi mar an gcéadna atáthaoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a ris sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, agus ní bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar sin daoibh‐se, agus brón oraibh fá láthair: acht do‐chífead arís sibh, agus béidh áthas ar bhúr gcroidhe, agus ní bhainfidh aoinneach bhúr n‐áthas díbh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is mar sin atá brón oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh agus beidh lúcháir ar bhur gcroithe, agus ní fhéadfaidh aon duine bhur lúcháir a thógáil uaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n-áthas díbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus sibh-se mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n-áthas díbh.